Gaelscoil Uí Cheithearnaigh
Béal Átha na Slua Fón: (090) 9644347
Uimhir Rolla: 19969H
Idirlíon: www.bealathanaslua.com R-Phost: priomhoide@gaelscoil.ie
Polasaí Iontrála – Enrolment Policy
Réamhrá
Tá an polasaí seo á chur le chéile i gcomhthéacs an Acht Oideachais 1998. Tá Bord Bainistíochta na scoile le cead ón bPatrún, á chur le chéile chun cabhrú le tuismitheoirí/caomhnóirí páistí a chlárú sa scoil. Beidh Cathaoirleach an Bhoird, Seán Ó Tuile, agus an Príomhoide, Ruairí Ó hAnnluain, sásta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis an bpolasaí seo.
This policy is being formulated in the context of the 1998 Education Act. The school’s Board of
Management with the agreement of the Patron, are putting it together to assist parents to enrol their children in the school. The Chairperson, Seán Ó Tuile and the Principal Ruairí Ó hAnnluain will be happy to answer any questions in relation to this policy.
- Sonraí na scoile:
Gaelscoil Uí Cheithearnaigh, Uimhir Fóin: (090) 9644347
Béal Átha na Slua, Uimhir Rolla: 19969H
Co. na Gaillimhe R-phost: scoiluich@eircom.net
- Gaelscoil le héiteas Caitlicigh do bhuachaillí agus do chailíní, faoi phátrúnacht Deoise Chluain Fearta.
- Scoil atá ag brath ar dheontaisí agus achmhainní mhúinteora ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Beidh an scoil ag feidhmiú faoi rialacha na Roinne.
- Ní ghlacfar le níos mó páistí ná atá molta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna
- Leanfaidh Gaelscoil Uí Cheithearnaigh an Churaclam Bunscoile mar atá leagtha amach ag an ROS.
1. School Details
Gaelscoil Uí Cheithearnaigh Phone: 090 9644347
Béal Átha na Slua Roll Number: 19969H
Co. na Gaillimhe Email: priomhoide@gaelscoil.ie
2. Catholic ethos primary Gaelscoil for boys and girls under patronage of “The Diocese of Clonfert”
3. A school depending on grants and teacher resources from the Dept. of Education and Skills. The school will operate under DES rules.
4. The number of children offered places will depend on current recommendations from the Department of Education and Skills.
5. Gaelscoil Uí Cheithearnaigh will follow the National School Curriculum as laid out by the DES.
I gcomhthéacs rialacha agus cláracha na Roinne, Cearta an Phatrúin mar a leagtar amach san Acht Oideachais 1998, tacaíonn Gaelscoil Uí Cheithearnaigh leis na prionsabail a leanas:
In the context of the rules and programmes of the DES, the rights of the Patron as laid out in the Education Act 1998, and the money and resources available to the school, Gaelscoil Uí Cheithearnaigh supports the following principles.
1. Cuimsitheacht, go háirithe maidir le páistí a chlárú le bac éigin nó riachtanas oideachais
speisialta
2. Cothromaíocht i dtaobh áit a fháil sa scoil agus ról iomlán a ghlacadh sa scoil
3. Rogha tuismitheora maidir le clárú
4. Meas ar éagsúlacht luachanna, creidimh, traidisiúin, teangacha agus slite beatha
1. Inclusivity, especially re: registering children with a disability or with special educational needs
2. Equality in getting a place in the school and taking part fully in school life
3. Parents’ right of application for their child
4. Respect for different values, religions, traditions, languages and ways of life
Bunaíodh Gaelscoil Uí Cheithearnaigh le freastal a dhéanamh ar éileamh bunoideachais Lán-Ghaeilge i mBéal Átha na Slua agus sa cheantar mórthimpeall. Tugtar tús áite sa scoil dá bhrí sin, do pháistí a thógtar le Gaeilge.
Gaelscoil Uí Cheithearnaigh was founded in response to the need for Primary Education through Irish in Ballinasloe. In the allocation of school places, preference is given therefore to children being brought up through Irish.
Aithnítear cearta tuismitheoirí/caomhnóirí a bpáistí a chlárú ina rogha scoile áitiúla, ach tá Bord Bainistíochta Ghaelscoil Uí Cheithearnaigh freagrach freisin as cearta phobal na scoile trí chéile, agus go háirithe cearta pháistí na scoile atá cláraithe cheana féin. Éilíonn sé seo breith chóir chothrom, ag cur leas na bpáistí ar fad san áireamh.
While recognising the rights of parents/guardians to register their child in the local school of their choice, the Board of Management of Gaelscoil Uí Cheithearnaigh must also recognise the rights of the existing school community, and in particular, the children already enrolled. This requires balanced judgements while acting in the best interests of the children.
Clárú Naíonáin Shóisearacha
- Is féidir le páistí, a bheidh ceithre bliana d’aois roimh thús na scoilbhliana agus a chomhlíonann na critéir thíosluaite, cur isteach ar áit sa scoil.
- Glacfar le foirmeacha clárúcháin le linn an chéad choicís iomlán scoile de Mhí Eanáir sa bhliain sula dtosóidh sé/sí sa scoil. (i.e. Eanáir 2013 le haghaidh Meán Fómhair 2013).
- Beidh cruthú ag teastáil le páistí atá á dtógáil as Gaeilge nó a fhreastail ar Naíonra.
Junior Infant Enrolment:
- Children enrolling in Junior Infants must turn 4 before the first day of the school year and must fulfil the criteria below.
- Application forms will be accepted during the first two full weeks of school in January prior to the child starting school (i.e. January 2018 for September 2018)
- Proof will be required for families who are raising their children in Irish or for children attending a Naíonra
Critéir Clárúcháin
Déanfar scagadh ar na foirmeacha iarratais roimh 1ú Feabhra agus tabharfar freagra ar na hiarrthóirí go léir i scríbhinn taobh istigh de 3 sheachtain. Tabharfar tús áite, in ord aoise, do:
- Pháistí atá á dtógáil le Gaeilge atá 4 ar nó roimh 30 Aibreán. Beidh agallamh i gceist anseo chun éiteas na Gaelscoile a chosaint.
- Dheartháireacha agus dheirfiúracha de dhaltaí atá ag freastal ar an scoil atá 4 ar, nó roimh 30 Aibreán.
- Pháistí atá cláraithe i Naíonra Tír na n-Óg agus a chaitheann scoilbhliain ann (beidh teastas ag teastáil chun é seo a chruthú) agus atá 4 ar nó roimh an 30 Aibreán
- Pháistí atá cláraithe i Naíonra eile agus a chaitheann scoilbhliain ann (beidh teastas ag teastáil chun é seo a chruthú) agus atá 4 ar nó roimh an 30 Aibreán
- Pháistí atá 4 ar nó roimh 30 Aibreán.
- Pháistí atá 4 tar éis 30 Aibreán.
- Iarratas déanach – is de réir an dáta ina dtagann na hiarratais sin isteach a chuirfear iad ar an liosta.
Sa chás go dtagann roinnt iarratas isteach le chéile, is in ord aoise a chuirfear iad.
Enrolment Criteria:
The application forms are processed and ordered before February 1st and all applicants receive an answer within 21 days. The following is the order of priority in offering places, with each criteria having been sorted according to age:
- Children being raised in Irish who are 4 on or before 30th April – an interview will be involved in order to maintain the ethos of a Gaelscoil.
- Siblings of children already enrolled in the school / siblings of past pupils who are 4 on or before 30th April
- Children who are enrolled in Naíonra Tír na n-Óg and who attend for a minimum of one school year and who are 4 on or before 30th April. (certificate will be required as proof of attendance)
- Children who are enrolled in any other Naíonra and who attend for a minimum of one school year and who are 4 on or before 30th April. (certificate will be required as proof of attendance)
- All other children who are 4 on or before 30th April.
- All other children who are 4 after 30th April.
- Late applications – these are added according to the date they arrive in school. Should two or more applications arrive on the same day, they will be added according to age.
Glacann Bord Bainistíochta na Scoile leis go gcuirtear páistí chun na scoile toisc go dteastaíonn óna dTuismitheoirí/gCaomnóirí go gcuirfear oideachas trí mheán na Gaeilge ar a bpáistí.
It is the view of the Board of Management that children are sent to the school because their
parents/guardians decide that they want their children to be educated through Irish.
Déanfaidh Bord Bainistíochta na Scoile cinneadh maidir leis an líon daltaí a nglacfar leo sna naíonáin shóisearacha ó bhliain go bliain. Cuirfear clárúchán iomlán na scoile san áireamh chomh maith le haon Imlitreacha ón Aire agus an cinneadh seo á dhéanamh.
The Board of Management will determine the number of children to be enrolled in Junior Infants on a yearly basis. The school’s enrolment along with any circulars from the Minister will be taken into consideration in taking this decision.
Iarrfar ar na Tuismitheoirí/ Caomhnóirí a chur in iúil don scoil i scríbhinn, go bhfuil sé i gceist acu glacadh leis an áit sin taobh istigh de 10 lá (luaifear spriocdáta sa litir ofrála)
The parents/ guardians are asked to confirm in writing within 10 days that they wish to accept the place offered to their child (the deadline will be clarified in the letter of offer)
Nuair a bhíonn na háiteanna ar fad líonta, cuirfear é seo in iúil do na tuismitheoirí/caomhnóirí eile agus déarfar leo go bhfuil a bpáistí ar an liosta feithimh agus cuirfear in iúl dóibh cá bhfuil siad ar an liosta. Má bhíonn folúntas ann, tabharfar áit don chéad pháiste eile ar an liosta feithimh. Ritheann an liosta feithimh seo go dtí deireadh an scoilbhliain dár gcionn.
When all the places have been allocated, the remaining parents/guardians will be informed that their child’s name is being placed on a waiting list and will be informed of their position on the waiting list.
Should a place become available, it will be offered to the next child on the waiting list. This list will be kept until the end of the following school year.
Déanfar plé idir na scoileanna áitiúla maidir le clárúcháin chun cinntiú nach nglacann páiste le áit i níos mó ná scoil amháin.
Applications will be discussed with local schools to ensure that no child has accepted a place in more than one school.
Beidh seans ag na páistí dul i dtaithí ar an scoil i Mí an Mheithimh nuair a bheidh lá oscailte againn. Cuirfear breis eolais ar fáil nuair atá áit faighte agat sa scoil.
The children get an opportunity to visit their new school in June when an open day will be held. Further information will be given when your child has secured a place in the school.
I gcás míshástachta maidir le cur i gcrích Polasaí Iontrála na scoile, (i) is féidir le tuismitheoirí achomharc a dhéanamh leis mBord Bainistíochta. Caithfidh sé a bheith seolta i scríbhinn chuig cathaoirleach an Bhoird, ag soiléiriú bonn an achomhairc, taobh istigh de 10 lá tar éis dóibh an diúltú a fháil. Muna bhfuil tuismitheoirí sásta le toradh an achomhairc (ii) is féidir achomharc a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi mhír 29 den Acht Oideachas 1998 ar fhoirm oifigiúil na Roinne. Caithfidh sé seo a bheith déanta taobh istigh de 42 lá tar éis dóibh an diúltú a fháil.
In the case of dissatisfaction with the implementation of the schools’ enrolment policy, parents (i) may appeal to the Board of Management. It must be addressed in person to the chairperson of the board, stating the grounds of the appeal and lodged within 10 days of receiving the refusal. Parents, if unhappy with the result of this appeal (ii) can lodge an appeal under section 29 of the Education Act 1998 to the Department of Education and Skills on the official form provided by the Department. The appeal must be lodged within 42 days of receipt of the refusal from the school to enrol.
Clárúchán i Ranganna seachas na Naíonáin Shóisearacha
Glacfar le páistí isteach i ranganna eile seachas Naíonáin Shóisir má bhíonn spás sa rang má chomhlíonann siad na critéir thuas. Is é an Bord Bainistíochta a dhéanfaidh an cinneadh faoi pháistí a ghlacadh in aon rang eile. Lorgófar tuairiscí scoile/ aon mheasúnú deánta ar an bpáiste ó na tuismitheorí/caomhnóirí.
Pupils may be enrolled in classes other than Junior Infants if there is space in the class and if they fulfil the required criteria above. The Board of Management shall determine whether a child is accepted. The School will look for any assessments/school reports of the child from the parents/guardians.
Beidh agallamh leis na tuismitheoirí/caomhóirí agus leis an bpáiste le cinntiú go bhfuil cumas Gaeilge oiriúnach ag an bpáiste chun tairbhe a bhaint as an gcuraclam.
There will be an interview with the parents/guardians and children interested in enrolling in the school to ensure that their level of Irish is sufficient to enable the child to access the curriculum.
Páistí le mí-chumas nó riachtanais speisialta oideachais
Cuirfear iarratas ar áit sa scoil do pháistí le mí-chumas nó páistí go bhfuil riachtanas speisialtaoideachais acu ar an bhfoirm iarratais caighdeánach. In éineacht leis an bhfoirm, beidh miontuairisc ar mhí-chumas/ riachtanais speisialta an pháiste maraon le tuairisc leighis, mheasúnaithe nó síceolaíoch ag teastáil, de réir mar a oireann, má tá siad ar fáil.
Application for enrolment of children with a disability or other educational need should be made on the standard application form and must be accompanied by detailed assessments and/ or psychological report, report of the child’s disability/ educational needs, supported by medical reports, if available.
Déanfar maoiniú ar pháistí le riachtanais speisialta de réir na n-achmhainní a chuirtear ar fáil don Bhord Bainistíochta ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Children with special needs will be supported in accordance with the level of resources provided by the Department of Education and Science to the Board of Management.
Caithfear Cód Iompair agus Polasaí na Gaeilge scoile a bheith léite is sínithe nuair a ghlacfar áit sa scoil.
The School’s Code of Behaviour and Irish Policy must be read and signed when accepting a place in the school.
Athbhreithniú:
Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí seo ag tús gach scoilbhliana.
This policy will be reviewed at the beginning of each school year.
Daingnithe:
Déanadh athbhreithniú agus faobhadh ar an bpolasaí seo ag cruinniú an Bhoird Bhainistíochta, ar an 8ú lá de Mhí na Samhna, 2012.
This policy was ratified by the Board of Management on 08/11/12. This policy was reviewed most recently and amended by the board on 05/12/18.
Tá an polasaí seo ar fáil ar suíomh idirlinne na scoile.
This policy is available to view on the school website www.gaelscoil.ie